€16.00
Líon:
Saighdiúir
Saighdiúir
Clúdach: Bog

Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.

SAOTHAR CEANNRÓDAÍOCH AGUS ÚRSCÉAL CUMHACHTACH FRITHCHOGAIDH

In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.

AN STÍL GHLANSNOITE PHRÓIS A CHLEACHT MUINTIR GHRIANNA ROIMHE

Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.

ÚRSCÉAL MÓR GAEILGE AN CHOGAIDH MHÓIR

Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge. Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá Errigal: Sacred Mountain, Teach an Gheafta, agus An Bhé Ghlas. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 2000 agus bronnadh The Ireland Literary Award air i 2007. Bhuaigh sé an Irish Times Literature Prize i 2001. Tá sé ina bhall d’Aos Dána.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir