€15.00
Líon:
Ní Ceadmhach Neamhshuim
Ní Ceadmhach Neamhshuim
ROGHA DÁNTA le Seán Ó Ríordáin aistrithe ag Greg Delanty
ISBN: 9781780375366
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tháinig go leor d’fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin óna strachailt leis an uaigneas agus an aonrú a bhain leis an saol in Éirinn i lár an chéid seo caite tráth a raibh cumhacht mhór ag an Eaglais Chaitliceach. I gCo. Chorcaí a rugadh é agus is ann a chaith sé a shaol. Corcaíoch chomh maith é an file Greg Delanty a d’aistrigh go Béarla na dánta in Apathy Is Out | Ní Ceadmhach Neamhshuim.

Is iomaí file a d’aistrigh dánta le Ó Ríordáin cheana, ach go dtí seo níor aistrigh aon scríbhneoir amháin cnuasach mór dá chuid. Tugann an cnuasach áirithe seo guth sainiúil amháin do shaothar Uí Ríordáin agus cuireann sé réimse, spraíúlacht, is brí na filíochta i láthair agus freisin ‘an ceol a cloiseann tú fós sa Mhumhain / fiú in áiteanna ’nar tréigeadh an chanúint’.

Is minic a deirtear go ndearna Seán Ó Ríordáin athbheochan ar fhilíocht i nGaeilge agus é ag scríobh ó mheon Nua-Aoiseach ina ndearnadh plé ar théamaí mar an gcoimhthiú, an coimhthíos agus géarchéim na feiniúlachta. Ina dhiaidh sin féin bhí sé in ann féachaint amach thar theorainn an Nua-Aoiseachais chuig an ngaol atá ann idir nithe éagsúla an tsaoil.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir