Úrscéal gairid do dhéagóirí, úrscéal eachtraíochta a thugann beocht do chomhthéacs staire an amhráin cháiliúil úd Cill Chais. Éiríonn le Seán Ua Cearnaigh ár spéis sa tréimhse úd a mhúscailt, tréimhse ina raibh Éire faoi shúistí gall agus ábhair sagairt ar a dteitheadh faoi rún chun na Mór-Roinne.
Cill Chais! Tá draíocht ag baint leis an dá fhocal sin: ‘Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann is an tAifreann binn dá rá…’ Léaráidí den scoth le Bob Ó Cathail.