Fógra | Notice
Glacfar le horduithe ar siopa.ie go dtí an 18 Nollaig 2017. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.
Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

Orders will be accepted on siopa.ie until 18 December 2017. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
We apologise for any inconvenience.
Dún
Eoghan Ó Tuairisc

Scríbhneoir, ealaíontóir agus múinteoir ba ea Eoghan Ó Tuairisc (1919-1982).

Rugadh i mBéal Átha na Sluaighe i gContae na Gaillimhe é sa bhliain 1919. Bhain sé cáilíocht amach mar mhúinteoir i 1939. Ghabh sé leis an arm sa bhliain chéanna sin agus chaith sé seal ann le linn Aimsir na hÉigeandála. Bhain sé máistreacht amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1947 agus chaith sé beagnach tríocha bliain ag obair mar mhúinteoir i bhFionnghlas i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Nuair a d’éirigh sé as an múinteoireacht i 1969, fuair sé post mar eagarthóir ar Feasta, iris Chonradh na Gaeilge.

Scríobh sé lear mór saothar – idir aistí, fhilíocht, dhrámaí agus úrscéalta – sa Bhéarla agus sa Ghaeilge. I measc na saothar is cáiliúla dá chuid, tá an scéinséir Béarla Murder in Three Moves (1960) agus an t-úrscéal Gaeilge L’Attaque (1962). Bhuaigh an dara leabhar sin, a thugann léargas ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, Bonn an Chraoibhín agus roinnt mórdhuaiseanna litríochta eile.

Ba chomhalta tionscnaimh d’Aosdána é.

 

Tuilleadh ó Eoghan Ó Tuairisc