Lewis Carroll

Ba é Lewis Carroll an t-ainm cleite a bhí ag an scríbhneoir agus matamaiticeoir Sasanach Charles Lutwidge Dodgson (1832–1898). Is iad an dá leabhar is cáiliúla a scríobh sé ná Alice’s Adventures in Wonderland (1865) agus Through the Looking Glass (1872). Is leabhair do pháistí iad seo a thaitníonn go mór le daoine fásta freisin de bhrí gur aortha iad atá lán grinn.

Ba mhinistir Protastúnach é a athair agus ba é Carroll an mac ba shine i gclann ina raibh seachtar cailíní agus ceathrar buachaillí.

D’fhreastail Carroll ar Scoil Rugby idir 1846 agus 1850 agus bhain sé céim amach in Christ Church College, Oxford, in 1854. Tar éis na céime, d’éirigh leis post buan a fháil mar léachtóir matamaitice sa choláiste céanna sin. Cé gur dheagánach é, níor oirníodh mar mhinistir riamh é. Deirtear nach ndeachaigh sé leis an tsagartóireacht de bhrí go raibh stad ina chuid cainte agus de bhrí gur chuir sé spéis i nithe eile.

I measc na leabhar eile a scríobh sé bhí The Hunting of the Snark (1876), Sylvie and Bruno (1889) agus Sylvie and Bruno Concluded (1893). Ba ghrianghrafadóir cumasach é freisin agus chruthaigh sé breis is 3,000 grianghraf i dtréimhse ceithre bliana is fiche.

Cailleadh Carroll ar an 14 Eanáir 1898. Níor phós sé riamh.

 

Tuilleadh ó Lewis Carroll