€50.00
Líon:
Póstaeir & Cártaí Taispeána Lingua-App
Póstaeir & Cártaí Taispeána Lingua-App
10 bPóstaer A3 + 32 Cárta Taispeána A4
Clúdach: Bog

Chruthaigh Lingua-App roinnt póstaer agus cártaí taispeána don seomra ranga. Tá sraith phóstaer A3 le téarmaí gramadaí agus le nodanna gramadaí orthu. Tá na póstaeir clóbhuailte ar chárta trom.

Tá an taobh thiar bán agus tá siad lannaithe ar an dá thaobh. Tá siad foirfe mar phóstaeir bhalla agus mar acmhainn d’obair ghrúpa. Tá na cártaí taispeána lannaithe ar an dá thaobh chomh maith. Tá taobh amháin áisiúil do MCF (Measúnú Chun Foghlama). Is féidir dúshlán litrithe nó cluastuisceana a chur os comhair na ndaltaí. Ag baint úsáid as pictiúir, is féidir leis na daltaí cleachtadh a dhéanamh ar scileanna cainte le chéile. Ar an taobh eile, tá liostaí d’fhocail ar a dhéantar botúin litrithe go minic, ina measc, uimhreacha, míonna na bliana srl.