PMM: €195.00
€145.00
Lascaine: 26%
Líon:
Beart Breise Bunscoile
Beart Breise Bunscoile
Gníomhaíochtaí Gasta, Póstaer Pearsan, Réalta an Ranga, QuickGuide Irish Grammar agus Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga (Cúrsa ar líne)
Foilsitheoir: Gaelchultúr

Gníomhaíochtaí Gasta

Is éard atá in Gníomhaíochtaí Gasta leabhar gníomhaíochtaí cumarsáide Gaeilge don mhúinteoir bunscoile. Is féidir fótachóip a dhéanamh de na gníomhaíochtaí atá le fáil sa leabhar agus tá siad oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon.

Tá fiche gníomhaíocht fíorchumarsáide in Gníomhaíochtaí Gasta ina ndírítear ar na deich dtéama atá sa churaclam Gaeilge: Mé Féin, Sa Bhaile, Bia, Siopadóireacht, An Teilifís, Caitheamh Aimsire, An Aimsir, Éadaí, An Scoil agus Ócáidí Speisialta.

Tá treoracha cuimsitheacha le fáil in aonaid an leabhair maidir leis na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide, chomh maith le moltaí i dtaca le gníomhaíochtaí réamhchumarsáide agus iarchumarsáide. Cuirfidh sé seo ar chumas an mhúinteora plé le gach aonad mar cheacht iomlán, más mian leis/léi déanamh amhlaidh. Is féidir, dar ndóigh, na gníomhaíochtaí fíorchumarsáide a úsáid ina n-aonar, mar shúil siar ar ábhar a múineadh cheana féin nó go díreach mar chluichí spraíúla ranga.

An cur chuige cumarsáideach atá i gceist tríd síos sa leabhar agus tá go leor de na feidhmeanna teanga atá leagtha síos sa churaclam Gaeilge le fáil ann.

Tá Gaelchultúr ag súil gur acmhainn luachmhar a bheidh in Gníomhaíochtaí Gasta do mhúinteoirí bunscoile agus iad ag iarraidh cabhrú lena ndaltaí líofacht agus cruinneas a bhaint amach sa Ghaeilge agus scileanna cumarsáide a fhorbairt ar shlí spraíúil, idirghníomhach.

Tá aonad samplach ar fáil anseo:

Aonad 1: Mé Féin

Postaer Pearsan

Tá na forainmneacha réamhfhoclacha ar cheann de na gnéithe is deacra de ghramadach na Gaeilge le foghlaim – agus le múineadh. Is gné lárnach den teanga iad, áfach, agus tá sé ríthábhachtach go mbeidís ar eolas ag foghlaimeoirí chun gur féidir leo cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí Ghaeilge.

Is minic a fhoghlaimítear na forainmneacha réamhfhoclacha de ghlanmheabhair ach nach mbítear ábalta iad a úsáid go cruinn in abairtí. Cabhróidh Póstaer Pearsan le foghlaimeoirí agus le múinteoirí araon dul i ngleic leis an deacracht seo agus éascóidh an cluiche idirghníomhach próiseas na foghlama.

Tá na nithe seo a leanas le fáil sa phacáiste:

• breis is 100 cárta daite a bhfuil na forainmneacha réamhfhoclacha priontáilte orthu
• póstaer mór ar a bhfuil pictiúir tharraingteacha agus spásanna leis na cártaí a ghreamú iontu
• leabhrán ina bhfuil treoracha do chluiche spreagúil a chuirfidh ar chumas foghlaimeoirí na forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gceart
• réimse frásaí úsáideacha a bheidh foghlaimeoirí ábalta a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla agus a chuirfidh go mór lena saibhreas Gaeilge.

Póstaer Pearsan oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.

Réalta an Ranga

Tá na nithe seo a leanas le fáil in Réalta an Ranga:

• 288 cárta álainn ildaite do chluiche tomhais taitneamhach
• leabhrán ina bhfuil treoracha imeartha don chluiche tomhais agus eolas maidir leis an ngramadach atá ag teastáil chun é a imirt.

Tá trí théama éagsúla i gceist in Réalta an Ranga: gairmeacha beatha, spórt agus ainmhithe. Tá 12 chárta ann do gach téama agus go leor cóipeanna de na cártaí ar fáil chun gur féidir le 32 fhoghlaimeoir an cluiche a imirt ag an am céanna.

Is acmhainn spraíúil agus luachmhar é Réalta an Ranga atá oiriúnach do dhaltaí scoile agus d’fhoghlaimeoirí fásta araon. Cuireann an cluiche deis ar fáil do lucht a imeartha cleachtadh a dhéanamh ar cheisteanna a chur agus a fhreagairt, tuiscint a fháil ar an difear atá idir an aimsir láithreach agus an aimsir ghnáthláithreach, agus stór focal úsáideach agus frásaí úsáideacha a fhoghlaim.

Tá Gaelchultúr buíoch de COGG (an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta) as tacaíocht airgid a chur ar fáil don tionscadal seo.

QuickGuide™ Irish Grammar

Is áis atá an-éasca a úsáid é QuickGuide™ Irish Grammar ina ndírítear ar na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge. Cuireann an dearadh nuálach agus an scéim dathanna ar chumas an úsáideora eolas a aimsiú go tapa, agus beidh na míniúcháin shoiléire sholéite ina gcabhair mhór acu siúd a úsáideann an Ghaeilge go rialta agus ag lucht foghlama na teanga araon.

Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha. Tá QuickGuide™ Irish Grammar oiriúnach do scoláirí meánscoile agus tríú leibhéal, do mhúinteoirí agus d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge.

Tá cúrsa idirghníomhach atá bunaithe ar QuickGuide™ Irish Grammar ar fáil ag www.ranganna.com.

Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga

Tá an cúrsa seo dírithe ar mhúinteoirí bunscoile ar mhaith leo níos mó a fhoghlaim faoi phrionsabail agus struchtúr ceachtanna an cur chuige cumarsáideach. I ngach modúl, déanfar dhá cheacht shamplacha bunaithe ar théamaí an churaclaim a chur i láthair, ag úsáid an chur chuige cumarsáide, a áiríonn na tréimhsí réamhchumarsáide, fíorchumarsáide agus iarchumarsáide.

Cé go molaimid duit Gaeilge a úsáid i do chuid freagraí oiread agus is féidir, tá cead agat Béarla a úsáid más gá.

Is iad príomhchuspóirí an chúrsa ná:

go mbeidh tuiscint ag na múinteoirí ar mhodhanna múinte an churaclaim Gaeilge mar aon le prionsabail agus struchtúr ceachtanna an chur chuige cumarsáideach; go mbeidh smaointe nua ag múinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge agus go mbeidh siad in ann iad a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chun feabhas a chur ar chaighdeán teagaisc na Gaeilge, chun suim a mhúscailt sa teanga agus chun cumas cumarsáide na ndaltaí a ardú; go gcuirfear le scileanna múinteoireachta Gaeilge na múinteoirí agus go gcothófar muinín iontu an Ghaeilge a mhúineadh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir