€10.00
Líon:
Dúradáin Mheabhracha
Dúradáin Mheabhracha
Bliain foilsithe: 2012

Is slí spraíúil iad Dúradáin Mheabhracha chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a neartú ag baint úsáide as scil thábhachtach - catagóiriú. Cabhraíonn catagóiriú le daoine chun focail a fhoghlaim, a eagrú agus a chuimhneamh.

Tá 48 carta dúradáin sa chluiche. Ag barr gach cárta tá ainm catagóire ann, agus ag bun gach cárta tá pictiúr de rud éigin ó chatagóir eile. Cuireann imreoirí na cártaí dúradáin le chéile ag déanamh cinnte go bhfuil na pictiúir agus na focail curtha le chéile i gceart.

Caithfidh imreoirí meaitseáil a dhéanamh ar shlí níos casta ná píosa ar phíosa: caithfidh siad machnamh a dhéanamh ar cén catagóir lena mbaineann na léaráidí sula meaitseálfaidh siad na cartaí. Dá bharr seo, tá an cluiche níos dúshlánaí agus níos úsáidí, toisc go gcaithfidh imreoirí machnamh a dhéanamh ar an bhfoclóir.

I ngach bosca tá na treoracha ann i mBéarla agus i nGaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir