
Leagan leictreonach de Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill agus é curtha in oiriúint le húsáid le córas oibriúcháin Microsoft Windows©. Tá na ceannfhocail uile san fhoclóir le fáil sa leagan seo móide 25% de na habairtí samplacha. Luaitear eolas cuimsitheach gramadaí le gach ceannfhocal. Is féidir áiseanna cuardaigh Gaeilge-Béarla agus Béarla-Gaeilge móide córas cuardaigh saoróg a úsáid chun teacht ar an bhfocal atá uait.