
Is áis foghlama ar leith é Sean-Nós Dance for Everyone:
• Déantar gach céim a bhriseadh síos agus múintear í buille ar bhuille.
• Múintear na céimeanna agus cuirtear i láthair iad ag trí luas éagsúla agus iad á dtionlacan ag poirt bhríomhara nuachumtha.
• Múintear seit iomlán 10 gcéim, mar aon leis an athrú ó chéim go céim.
• Tá leabhrán ceithre leathanach leis an DVD ina bhfuil treoir maidir leis na céimeanna.