€7.95
Líon:
An Phluais
An Phluais
ISBN: 9781906907600
Bliain foilsithe: 2012
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Tá clástrafóibe ar Aoife ach caithfidh sí aghaidh a thabhairt ar an fadhb seo nuair a théann sí ar turas scoile chuig pluais. Scéal eachtrúil faoi aghaidh a thabhairt ar na rudaí a chuireann faitíos ort.

Turas scoile go croílár na Boirne. Seachtain lán le spraoi agus comhluadar in Ionad Eachtraíochta. Ach tá Aoife buartha faoi dhúshlán mór atá roimpi. Ní mór di dul i ngleic leis an bhfaitíos is mó atá uirthi, ní mór di dul faoi thalamh sa dorchadas. An mbeidh sí in ann chuige?

Agus céard faoi Dhara? An buachaill is suimiúla sa rang. An dtabharfaidh sé aon aird uirthi? An éireoidh le hAoife a misneach a choinneáil?