€7.00
Líon:
An Seachtar Stuama: Cá bhfuil an Seachtar?
An Seachtar Stuama: Cá bhfuil an Seachtar?
ISBN: 9781784441555
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith ‘The Secret Seven’ le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Díríonn na leaganacha Gaeilge ar an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, ‘Cá bhfuil an Seachtar?’, tugann an Seachtar cuairt ar theach taibhsí, ach ní fada go bhfeictear dhóibh nach bhfuil sé folamh mar a shíl siad. Is gearr go mbíonn siad sáinnithe taobh istigh. Cén chaoi a dtiocfaidh siad as? Is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir