€16.95
Líon:
Gugalaí Gug!
Gugalaí Gug!
(Leabhar agus CD)
Bliain foilsithe: 2005
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Futa Fata

Cearc nach bhfuil in ann socrú cá ndéanfaidh sí a nead. Froganna beaga glasa atá ag foghlaim cén chaoi le snámh. Fear aisteach darbh ainm dó Máirtín, ar maith leis bheith amuigh san oíche dhubh, is an bháisteach ag titim anuas go tiubh. Tá Gugalaí Gug lán de charachtar agus de radharcanna a bhéarfas greim ar do shamhlaíocht.

Cnuasach atá ann de rannta traidisiúnta ó Ghaeltacht Chonamara, atá foilsithe i bhfoirm leabhair lándaite agus dlúthdhiosca a bhfuil léiriúchán maisiúil déanta air.

Tá deich bpíosa ar fhichead ar fad san áireamh ann, idir rannta, amhrán nó dhó agus dreas portaireacht béil.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir