Is breá le Máire Treasa bronntanais! Cinn atá go deas, suimiúil! Ní rudaí seafóideacha! Agus ní féidir bronntanas mórán níos seafóidí a fháil ná POLL SA DORAS!
Scéalta an-ghreannmhar faoi charachtar atá lán le diabhlaíocht. Má tá aithne agat ar chat, bainfidh tú an-sásamh as eachtraí Mháire Treasa Mí Abha!
Cuireann leagan Gaeilge Phatricia Mhic Eoin an tsraith Fraincise i láthair le léitheoirí na hÉireann ar bhealach bríomhar agus greannmhar.