
Comórtas na gCat...ní bhacfainn leis an gcineál sin seafóide de ghnáth. Ach cuireann Sibéal, Mam agus Daid IACHALL orm páirt a ghlacadh ann. Ní ligfidh mé do mo shean-namhaid, Miribéal Mórtasach, an comórtas a bhuachan. Is agam a bheidh an lá...fan go bhfeicfidh sibh!
Scéalta an-ghreannmhar faoi charachtar atá lán le diabhlaíocht. Pictiúir den chéad scoth a chuireann go mór le greann na scéalaíochta. Má tá aithne agat ar chat, bainfidh tú an-sásamh as eachtraí Mháire Treasa Mí Abha!
Cuireann leagan Gaeilge Phatricia Mhic Eoin an tsraith Fraincise i láthair le léitheoirí na hÉireann ar bhealach bríomhar agus greannmhar.