
Laethanta Saoire! Gaineamh i do chluasa, agus tú dóite ag an teas? Ar aghaidh libh, a chlann, ach fág mise amuigh as. Táimse ag iarraidh fanacht sa bhaile!
Scéalta an-ghreannmhar faoi charachtar atá lán le diabhlaíocht. Má tá aithne agat ar chat, bainfidh tú an-sásamh as eachtraí Mháire Treasa Mí Abha!
Cuireann leagan Gaeilge Phatricia Mhic Eoin an tsraith Fraincise i láthair le léitheoirí na hÉireann ar bhealach bríomhar agus greannmhar.