€11.00
Líon:
An Tusa Mo Mhamaí? (Leabhar Mór) - Séideán Sí - Naíonáin Bheaga
An Tusa Mo Mhamaí? (Leabhar Mór) - Séideán Sí - Naíonáin Bheaga
Naíonáin Bheaga
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Cúrsa comhtháite, taitneamhach, páistelárnach le haghaidh múineadh na Gaeilge atá i Séideán Sí, cúrsa a chuideoidh le forbairt teanga, chognaíoch, mhothúchánach agus shamhlaíoch an pháiste. Is ar an bpáiste féin, ar na riachtanais teanga atá aige/aici agus ar a c(h)uid ábhar spéise atá an phríomhbhéim. Ar scoileanna Gaeltachta agus ar scoileanna lán-Ghaeilge atá an cúrsa dírithe go príomha ach tá sé oiriúnach, leis, do scoileanna eile. Tagann an cúrsa Séideán Sí leis an gcur chuige atá leagtha síos in Curaclam na Bunscoile – Gaeilge (1999). Tá sé bunaithe ar an gcur chuige cumarsáideach agus déantar comhtháthú ann ar an gceithre scil:

  • éisteacht
  • labhairt
  • - léitheoireacht
  • scríbhneoireacht

Foireann dearthóirí curaclaim a bhfuil taithí fada teagaisc acu i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ar iasacht óna gcuid scoileanna atá ag scríobh an ábhair. Comhthionscadalé Séideán Sí idir an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Foras na Gaeilge. Tá an scéim á stiúradh ag Ionad Oideachais Dhún na nGall.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir