
Lacha bheag óg is ea Bándearg. Cónaíonn sí lena máthair ar bhruach na habhann ar imeall an bhaile mhóir. Tamall roimh Nollaig na bliana seo caite shocraigh sí go gceannódh sí inneall fuála dá máthair i gcomhair na Nollag. Ach ní raibh aon airgead aici.