
Bhí lacha óg ina cónaí i bhFaiche Stiabhna i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Lacha bheag dheas ba ea í ach bhí sí an-bhrónach inti féin. Is amhlaidh a bhí sí bréan dá saol agus theastaigh uaithi an saol mór taobh amuigh d’Fhaiche Stiabhna a fheiceáil. Chuir a máthair comhairle uirthi ach ainneoin sin bheartaigh sí éalú amach