€25.00
Líon:
Anamlón Bliana
Anamlón Bliana
ó dhialanna an Ríordánaigh
ISBN: 9781784441005
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Crua
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann.

Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na dialainne iomláine é, mar sin, tiomsaithe in aon bhliainfhéilire amháin, 365 iontráil, ceann in aghaidh an lae.

Fear mór líníochtaí, caracatúr agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí seo.

Corcaíoch agus léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, é an t-eagarthóir, Tadhg Ó Dúshláine.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir