
Seoid de chuid litríochta na bpáistí atá in Alice’s Adventures in Wonderland, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1865. Foilsíodh aistriúchán Gaeilge le Nicholas Williams sa bhliain 2003, agus cuireadh amach an dara heagrán de in 2007. Is sa bhliain 1922, áfach, a foilsíodh an chéad leagan Gaeilge, a rinne Pádraig Ó Cadhla (1875-1948), ach is deacair teacht ar chóip den leabhar sin inniu, agus is beag duine a bhfuil sé léite aige. Is sa bhliain 2015 atá an t-atheagrán seo d’aistriúchán Uí Chadhla á fhoilsiú, 150 bliain tar éis chéadfhoilsiú Alice’s Adventures in Wonderland