Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€12.00
Líon:
Corto: Port na Farraige Goirt
Corto: Port na Farraige Goirt
ISBN: 0898331020
Bliain foilsithe: 2014
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Úrscéal ghrafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta: 1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá ag imeacht le sruth: Corto Maltese. Tá Corto agus Raspúitín ag obair don Mhanach, tiarna mistéireach ar fhoghlaithe mara na bhFarraigí Theas - fear a bhfuil rún uafásach á cheilt i ngar dá chroí aige. Agus cabhlaigh Shasana agus na Gearmáine ag fáil faoi réir don Chogadh Mór, cuirtear tús le heachtra ina gcastar canablaigh orainn agus longa cogaidh, fir chróga agus feallairí, cairde agus geilt, agus ógbhean álainn mhealltach a chuirfeadh an chluain ar an mairnéalach is cruaichte i bPort na Farraige Goirt.

Aistriúchán déantai nGaeilge shimplí shaibhir. Leabhar í a thaitneoidh le léitheoirí fásta chomh maith le déagóirí.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir