
Maidin amháin i lár an gheimhridh, faigheann Labhrás Ó Baoill glao teileafón nach raibh sé ag súil leis. Deir rúnaí an chomhlachta, Míle Murdar!, leis gur cheannaigh duine éigin ticéad dó le haghaidh deireadh seachtaine mistéire a bheas ar siúl in Óstán an Droichid Bhig i mBaile an tSléibhe in Iarthar na hÉireann.
Cé nach dtuigeann Labhrás ag an am é, beidh tionchar ollmhór ag an deireadh seachtaine seo air agus athróidh sé cúrsaí a shaoil go deo.