Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€6.50
Líon:
Cé a Mharaigh Neilí Jimí Rua? & Bainis Labhraí Loirc
Cé a Mharaigh Neilí Jimí Rua? & Bainis Labhraí Loirc
ISBN: 1-85791-521-6
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: An Gúm

Cé a Mharaigh Neilí Jimí Rua? Faightear Neilí Jimí Rua marbh ina leaba. Tá brón agus alltacht ar a cairde agus ar na comharsana. Dúnmharú, gan dabht, a bhí ann, dar lena cairde agus lena lucht aitheantais. Caithfear fios a chur ar na bleachtairí . . . bhuel ar bhleachtaire amháin, ach go háirithe.

Bainis Labhraí Loirc Tá príomhchomhairleoir an Rí trí chéile go mór agus cúis mhaith aige! Tá an lá mór tagtha, an lá ar a mbearrtar gruaig an Rí gach aon bhliain, agus gan oiread is bearbóir amháin le fáil. Cad a dhéanfaidh sé in aon chor? Léiríodh dramaí leis an údar sa Taibhdhearc agus in Amharclann na Péacóige. Neart duaiseanna bainte sa drámaíocht aige, agus dhá ghradam speisialta, Gradam na hAmharclainne (1994) agus An Peann faoi Bhláth (1999)

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir