Tar éis fiche bliain d’fhás geilleagrach agus d’athruithe cultúrtha eisceachtúla, tá Éire ag tabhairt aghaidhe ar an dúshlán is mó riamh: conas buntáiste iomaíoch inbhuanaithe a chothú a ráthódh rath sa todhchaí.
Tá sé ag éirí soiléir nach leor airgead a dhoirteadh isteach sa taighde eolaíoch agus sa teicneolaíocht chun cultúr na nuálaíochta a spreagadh i ngnó, i seirbhísí poiblí, in oideachas agus i gcomhphobail.
Ní mór dúinn iniúchadh a dhéanamh ar na hacmhainní leithleatha a bhaineann le hÉirinn, na hacmhainní atá dosháraithe agus a léiríonn éagsúlacht na hÉireann i gcomhthéacs domhanda. Is acmhainní luachmhara dá leithéid iad an caipiteal sóisialta agus cultúrtha, an t-ómós áite agus an fhéiniúlacht náisiúnta. Is féidir leo siúd, chomh maith leis an eolaíocht agus leis an taighde, ghnó Éireannach a chothú agus foghlaim ann a fheabhsú chun fíorbhuntáiste iomaíoch a chruthú.
Ós rud é go bhfuil athrú tar éis teacht ar chomhdhéanamh eitneach an oileáin de bharr socruithe cumhachtroinnte nua sa tuaisceart agus de bharr na hinimirce, is é anois an t-am chun féachaint ar an éifeacht a bheadh ag cur chuige iomlánaíoch d’fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch d’Éirinn sna blianta atá rómhainn.