
Díolaim de dhánta, de liricí agus de rainn thraidisiúnta na Gaeilge ar théamaí spioradálta a léiríonn oidhreacht na Gaeilge sa réimse seo. Tá an aithrí, an bheatha, an creideamh, an t-amhras spioradálta, an saol seo agus an béaloideas i measc na dtéamaí a bpléitear leo sa chnuasach. Rogha dánta ó aois na Sean-Ghaeilge anuas go dtí an 20ú haois. Aistriúcháin go Béarla ar na téacsanna san áireamh.
Léachtóir le Gaeilge é Ciarán Mac Murchaidh i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Gramadach na teanga agus prós cráifeach an 18ú haois an dá mhór-réimse taighde a bhfuil suim aige iontu.