
Is cur chuige nua, idirghníomhach maidir le foghlaim ghramadach na Gaeilge a chuirtear i láthair sa leabhar seo. Spreagtar bunús na foghlama trí chleachtaí beirte a dhéanann na foghlaimeoirí os ard. Tugtar míniú cuimsitheach ar rialacha gramadaí agus go leor cleachtaí scríofa i ngach aonad, chomh maith. Rachaidh an leabhar chun leasa go mór d’fhoghlaimeoirí tríú leibhéal agus iar-Ardteiste chomh maith le foghlaimeoirí ardchaighdeáin dara leibhéal agus aosacha.