€15.00
Líon:
Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn
Ón tSeanam Anall: Scéalta Mhicí Bháin Uí Bheirn
Curtha in eagar ag Mícheál Mac Giolla Easbuic
ISBN: 978-1-905560-23-3
Bliain foilsithe: 2008
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Cúig scéal is fiche atá sa bhailiúchán seo, chomh maith le tréanna, ‘Na Seacht n-Óg’ agus píosa filíochta a chum Micí Bán Ó Beirn (1899–1980), ceoltóir, fidléir, file agus seanchaí a rugadh ar an Chaiseal i gCill Charthaigh i gCo. Dhún na nGall. Bhí clú agus cáil air féin agus ar a dheartháir Proinsias mar fhidléirí ar fud na hÉireann.

Ba í Bríd Ní Bheirn, máistreás scoile áitiúil, a scríobh na scéalta seo ó bhéal Mhicí Bháin i 1930, agus ba í a deirfiúr siúd, Mairéad, a thug an cnuasach do Mhícheál Mac Giolla Easbuic lena chur i dtoll a chéile.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir