€16.00
Líon:
Beartas Úr na nGael
Beartas Úr na nGael
ISBN: 978-1-911363-00-2
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Leabhar Breac

Diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo. Cuirtear beartais úra, thacúla agus phraiticiúla chun cinn do phobal na féiniúlachta Gaeilge. Is í aidhm na n-aistí sa leabhar seo moltaí forásacha a chur i láthair le cumas a thabhairt do Ghaeil ina ndúshláin chomhaimseartha agus le díospóireacht bhisiúil a chothú ina leith. Tabharfaidh sin misneach agus dóchas dóibh siúd ar mór acu an Gaelachas agus tacóidh moltaí an fhoilseacháin leis na pobail ar mian leo brí a thabhairt don fhéiniúlacht seo.

Féachann an anailís úr seo le héalú as an dioscúrsachas ciorclach, trí mheán cruthaitheacht straitéiseach i leith thosca casta comhaimseartha na nGael agus na nÉireannach.

I bprognóis an leabhair seo tugtar an iarracht chomhaimseartha is ábhartha le cur chuige nua a shainiú, bunaithe ar anailís theangeolaíochta, shocheolaíochta agus mhacrapholaitiúil ar dhálaí na nGael in Éirinn.

Láithríonn an plé anseo an tsintéis shoch-acadúil is forásaí nua-aoisí dá bhfuil ann; á bunú ar anailís agus thuiscintí fianaisebhunaithe na hantraipeolaíochta, na sochtheangeolaíochta agus na déimitheangeolaíochta comhaimseartha.

Beartas chun dóchais atá á chíoradh i smaointeoireacht cheannródaíoch an leabhair seo a chuirfidh bonn fóinteach gnímh ar fáil don phobal.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir