Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€15.00
Líon:
Aois na hÓige: Díolaim Próis
Aois na hÓige: Díolaim Próis
ISBN: 9781784441609
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Cén léargas a thugann nualitríocht na Gaeilge dúinn ar eispéireas na hóige in Éirinn? An bhfuil sainghnéithe ar leith de scéal an pháiste á léiriú sna foinsí Gaeilge? Is éard atá sa díolaim seo ná cnuasach saibhir d’ábhar próis ó fhoinsí ilghnéitheacha dírbheathaisnéise agus ficsin a roghnaíodh chun solas a chaitheamh ar an dá cheist seo. Tá cuntais ar eachtraí óige anseo ó na mórcheantair Ghaeltachta ar fad, chomh maith le hábhar ficsin atá lonnaithe i gceantair eile tuaithe, i mbailte móra agus i mBaile Átha Cliath. Feictear saol an teaghlaigh agus saol an phobail, an córas oideachais agus an córas eacnamaíoch, ócáidí sonais agus ócáidí bróin, agus an t-iomlán trí shúile an pháiste óig nó trí chuimhní cinn an duine fhásta ar thréimse na hóige. Cuimsíonn ábhar na díolama raon leathan téamaí, pointí féachana agus stíleanna inste, agus nochtar gnéithe de scéal na hóige nach mbíonn an oiread sin tráchta orthu i bhfoinsí oifigiúla.

Is léachtóir Sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad í Aisling Ní Dhonnchadha. Is Ollamh Emerita le Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Máirín Nic Eoin. Is scoláirí litríochta iad beirt, a bhfuil saothair bhunúla chritice foilsithe acu ar ghnéithe éagsúla de nualitríocht na Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir