Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€7.00
Líon:
An Seachtar Stuama: Eachtra ar an mBealach Abhaile
An Seachtar Stuama: Eachtra ar an mBealach Abhaile
ISBN: 9781784441593
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith ‘The Secret Seven’ le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Díríonn na leaganacha Gaeilge ar an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre. Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, ‘Eachtra ar an mBealach Abhaile,’ tá troid mhór théis tarlú agus tá sé mar aidhm ag an Seachtar deireadh a chur leis an achrann sula dtéann cúrsaí chun donais. Ach cén t-údar atá leis an achrann? Agus cén fáth a bhfuil daoine chomh spréachta? Is í Máirín Ní Ghadhra a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir