€10.00
Líon:
I dtír mhilis na mbeo
I dtír mhilis na mbeo
ISBN: 978-1-907494-71-0
Bliain foilsithe: 2017
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Guth nua liteartha ar an bhfód is ea Colm Ó Ceallacháin. Seo é a chéad chnuasach gearrscéalta. Tá pearsana sa chnuasach seo ag fás aníos is ag teacht in inmhe. Tá carachtair eile ag druidim le saol na díchuimhne agus speabhraídí na seanaoise ag breith orthu. Ní mar a shíltear a bhítear.

Foilsíodh scéalta le Colm Ó Ceallacháin in Comhar, Feasta, Southword agus gorse, agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aige ar chuid díobh sin. Bhronn an Chomhairle Ealaíon dámhachtain air in 2013 i Litríocht na Gaeilge. Tá cónaí air i gCorcaigh agus oibríonn sé in earnáil na hóige. Is é I dtír mhilis na mbeo a chéad chnuasach gearrscéalta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir