Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€10.00
Líon:
An Strainséir
An Strainséir
ISBN: 9781784441432
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ní mar a shíltear a bhítear agus sa nóibhille seo a phléann eachtra thubaisteach amach ó chósta thiar na hÉireann, is amhlaidh atá.

Tá draíocht ag baint leis an oileán a mheallann an strainséir, chuige. Tá sé ag súil le leigheas a aimsiú ann ar an scáil dhubh a leanann é. Ach is deacair sin a dhéanamh agus fórsaí dorcha eile roimhe.

Daoine rúnda coimeádacha iad muintir an oileáin agus, cé go n-éiríonn leis réiteach le daoine áirithe, ní hé gach duine atá sásta go bhfuil sé ann.

Idir ráflaí is fírinne, grá is naimhdeas, déantar rún dorcha an oileáin a scaoileadh. Deirtear go mbíonn dhá insint ar gach scéal ach tá seacht n-insint ar an scéal seo agus a dearcadh féin ina leith ag gach carachtar. .

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir