Músclaítear fiosracht Mharcais tar éis dó a bheith ag éisteacht leis na míolta móra ag tabhairt moladh dá sheanathar, Fionnlaoch. Socraíonn sé dul i bhfad ó bhaile ar a thuairisc. Castar deilf, ochtapas, albatras agus turtar leis ar an turas fada.