Fógra | Notice
Dátaí deireanacha seachadta |
Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí de chuid Ghaelchultúir ar siopa.ie go dtí an 17 Nollaig 2018. Glacfar le horduithe a bhaineann le táirgí eile ar siopa.ie go dtí an 13 Nollaig 2018. Déanfar aon ordú tar éis an dáta sin a phróiseáil i ndiaidh na Nollag.

Last dates for shipping |
Orders that relate to Gaelchultúr products will be accepted on siopa.ie until 17 December 2018. Any other orders will be accepted on siopa.ie until 13 December 2018. Any order placed after that date will be processed after Christmas.
Dún
€20.00
Líon:
Cruinnscríobh na Gaeilge
Cruinnscríobh na Gaeilge
ISBN: 9781907494765
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cois Life

Cúrsa praiticiúil i ngramadach agus i gcruinnscríobh na Gaeilge atá sa saothar seo. Tá sé dírithe go príomha ar an bhfochéimí agus ar an iarchéimí Gaeilge agus táthar ag súil go mbainfidh lucht foghlama agus lucht teagaisc araon leas agus tairbhe as. Tá ríomhdhiagnóis idirghníomhach tosaigh agus cleachtaí ríomhthástála a cóiríodh go speisialta le freastal ar riachtanais an fhoghlaimeora agus an mhúinteora araon le fáil ar bhun an leathanaigh anois. San eagrán nua seo, tapaíodh an deis le gnéithe den téacs a athchóiriú le haire úsáideoirí a dhíriú ar fhorbairtí nua i margadh na bhfoinsí foghlama ar líne, agus treoir oiriúnach a chur ar fáil dóibh i dtaca le scríbhneoireacht ghairmiúil na Gaeilge i gcomhthéacs leasuithe ar an gCaighdeán Oifigiúil.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir