
Thar rialacha ar bith de na rialacha gramadaí atá in Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil (1958) is iad na rialacha a bhaineann leis an séimhiú – agus/nó an easpa séimhithe – ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach agus é faoi réir ag ainmfhocal eile is mó atá ina n-ábhar díospóireachta poiblí le tamall de bhlianta anuas. Gnéithe de na rialacha sin is ábhar don staidéar nua seo, An Caighdeán Oifigiúil, aistriú na reachtaíochta agus gramadach na téarmaíochta – An Séimhiú ar an ainm briathartha agus ar an ainmfhocal éiginnte sa ghinideach ar lorg ainmfhocail eile.