€16.00
Líon:
Abairt ar Abairt
Abairt ar Abairt
Advanced Irish Vocabulary
ISBN: 978-0-9926460-0-4
Bliain foilsithe: 2013
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló an Leasa

Is ardleabhar stór focal é Abairt ar Abairt atá feiliúnach do mhic léinn AS, A2 agus ollscoile, agus do dhaltaí na hArdteiste.

Tá réimse leathan topaicí i gceist leis an stór focal, idir thraidisiúnta agus chomhaimseartha, atá bunaithe ar théarmeolaíocht nua arna soláthar ag an gCoiste Téarmaíochta. Lena chois sin, tá nathanna saibhre cainte ón bhFoclóir Gaeilge–Béarla le fáil faoi gach ceannteideal.

Beidh sé ina áis chabhrach le haistí a scríobh, le hathbhreithniú a dhéanamh agus le cnuasach saibhir stór focal a fhorbairt do bhéaltrialacha.

I measc na dtopaicí sa leabhar, tá an tSaoránacht, an Comhshaol, an Pholaitíocht, an tAos Óg, Saol an Teaghlaigh, an Scoil, Fóillíocht agus Caitheamh Aimsire, chomh maith le mír bunaithe ar fhrásaí d’aistí. Tá 50 sliocht ann freisin ina léirítear an stór focal i gcomhthéacs.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir