
Atheagrán méadaithe de leabhar tagartha agus saothair (Cois Life 2010) a bhfuil an-tóir air i measc ábhar eagarthóirí, aistritheoirí agus scríbhneoirí de gach cineál. Nótaí agus gníomhaíochtaí cuimsitheacha ann faoi ghnéithe den chóipeagarthóireacht (e.g. gramadach, caighdeán agus canúint, poncaíocht), faoi chúrsaí stíle (an téacs a dhéanamh soléite, slachtmhar) agus faoin bpróiseas cóipeagarthóireachta (e.g. uirlisí leictreonacha agus ar-líne, seicliostaí). Tá a lán cleachtaí breise san atheagrán agus caibidlí nua ar phrionsabail Plain Language agus ar na dúshláin a bhaineann le seánraí ar leith, e.g. téacsanna liteartha, ailt agus scripteanna nuachta.