
An bhfuil vaimpír ina chónaí ag bun do ghairdínse? Vaimpír faoi leith is ea Marius atá ag cur faoi i ngairdín Ailfí, garsún óg. Is fearr leis rollaí fige agus cáca milis ná fuil agus feoil. Agus buaireamh an tsaoil – idir lampaí ultraivialait agus muincí gairleoige – ag bagairt ar an gcréatúr neamh-mharbh, ní nach ionadh go n-éiríonn sé spadhrúil nuair nach dtiteann rudaí amach mar ba chóir, dar leis!
Do dhaoine óga fásta (10-13) agus do dhaoine fásta óga de gach aois!
Bhain an leabhar seo áit amach ar ghearrliosta Ghradam Réics Carló 2012.