
Ar an gcéad lá dó sa naíolann, tá faitíos ar Chathal nach dtiocfaidh Mamaí ná Daidí ar ais go deo! Ach tar éis tamaill, tuigeann sé gur áit iontach í an naíolann le bheith ag spraoi le cairde.
Ag caint, ag siúl, ag rith, ag forbairt mar dhuine – bíonn an t-uafás le foghlaim ag páistí óga. Tacaíonn an tsraith nua leabhar Cathal le foghlaim agus forbairt páistí óga.