
Tá Liam ag iarraidh spraoi le bréagáin Chathail. “Is liomsa é sin!” a deir Cathal leis. Ach taispeánann Mamaí dó go mbíonn an-spraoi ag baint le rudaí a roinnt le cairde.
Ag caint, ag siúl, ag rith, ag forbairt mar dhuine – bíonn an t-uafás le foghlaim ag páistí óga. Tacaíonn an tsraith nua leabhar Cathal le foghlaim agus forbairt páistí óga.