€8.00
Líon:
Dónall Dána (Horrid Henry) - An Club Rúnda
Dónall Dána (Horrid Henry) - An Club Rúnda
ISBN: 978178441463
Bliain foilsithe: 2016
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baiste ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross. Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn. Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Is é Horrid Henry: Dónall Dána An Club Rúnda an dara leabhar sa tsraith, is í Gormfhlaith Ní Thuairisg a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre ghearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith. Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibhinn leis cleasa gránna, uafásacha a imirt. Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncáil agus ag pinseáil.

Sa leabhar seo, tá Club Rúnda socraithe suas ag na cailíní agus tá siad ag iarraidh a bheith cinnte nach mbeidh cead isteach ag Dónall Dána mar go mbeidh sé ag réabadh agus ag sciobadh na mbrioscaí ar fad. Nuair a chuireann na cailíní bac iomlán ar bhuachaillí isteach sa gclub rúnda, éiríonn sé ina chogadh eatarthu agus tá plean ag Dónall Dána lena dhíoltas a bhaint amach orthu!

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir