€10.00
Líon:
In Ainm an Athar & Níor Mhaith Liom do Thrioblóid
In Ainm an Athar & Níor Mhaith Liom do Thrioblóid
ISBN: 1-905560-09-5
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Pléitear cás Liam, nó ‘Wino’ mar a thugann sé air féin, sa dráma seo, fear óg atá tar éis filleadh ar an mbaile tar éis seal a chaitheamh in ionad síciatrach. Is é is cás don dráma an fáth ar cuireadh Wino go teach na ngealt agus mar a chuaigh agus a théann sé seo i bhfeidhm ar na daoine mórthimpeall air: a mháthair imníoch; a athair, an Sáirsint áitiúil; an sagart, an Canónach, a bhfuil fuath nimhe ina chroí ag Wino dó; agus Andy, spriosán agus leisceoir, ach an t-aon duine a chothaíonn teagmháil cheart dhaonna le Wino. Geallann an t-údar go mbainfidh an dráma nua seo corrscairt gháire amach ach go mbeidh sé chomh dóichí céanna de an deoir a bhogadh faoin tsúil ag duine ar bith gur cás leo an éagóir, an cur i gcéill agus an sciúirseáil a fuair daoine óga in ainm an athar le blianta fada. Agus mar a dúirt an saor cloiche leis an simléar fadó: mura dtarraingeoidh sé deatach, tarraingeoidh sé caint.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir