€8.00
Líon:
Na Lucha ag Rince
Na Lucha ag Rince
ISBN: 978-1-905560-42-4
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Is leabhar gearrscéalta do mhic léinn Ardteiste é seo. Tá an Crannchur Náisiúnta buaite ag Tomás Ó Sé, cúl tugtha aige dá sheansaol agus é i measc na mbodach mór. Ach nuair atá a shaibhreas caite aige, an mbeidh sé fágtha ar an trá fholamh? Nó céard faoi Phádraigín? Brú na hArdteiste, gan spás aici di féin agus obair an tí go léir á déanamh aici. Ní hiontas ar bith di bheith in ísle brí. An bhfaighidh sí cothrom na féinne nó an rachaidh rudaí chun olcais?

Agus an buachaill óg...ag súil le bronntanas iontach lá Nollag ach, i mbliana, ní bronntanas a fhaigheann sé ach fírinne – fírinne ghruama, fhuar a mhúchann spiorad draíochtúil na Nollag...Briseadh croí, uaigneas, dóchas, maithiúnas, díoltas, sonas agus tuilleadh...Chomh maith le ceithre scéal is fiche atá suimiúil agus taitneamhach iontu féin, tá treoracha úsáideacha sa leabhar seo don mhac léinn maidir le scríobh agus pleanáil scéalta.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir