€10.00
Líon:
Gafa
Gafa
ISBN: 0953277755
Bliain foilsithe: 2004
Clúdach: Bog

Scéal tranglamach croíbhristeach an déagóra Eoin agus a thitim isteach in umar dorcha na handúile agus sa bhfodhomhain gránna dainséarach a ghabhann leis. Agus, chomh tábhachtach céanna le scéal Eoin féin, scéal na dtuismitheoirí: tá saol na máthar, Eithne, ina chíor thuathail. Í ar a dícheall glacadh leis go bhfuil a haonmhac faoi ghreim go daingean ag heroin. Ach is measa fós di é nuair a bhuailtear an dara ropadh uirthi – mídhílseacht a fir céile. Ní chuirtear fiacail san insint i gcas an scéil ríchumhachtaigh seo. É scríofa go fírinneach fíriciúil lom, ach ardscil agus íogaireacht ann go deireadh.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir