€7.00
Líon:
Taibhse An Dá Thaobh
Taibhse An Dá Thaobh
ISBN: 9781784441289
Bliain foilsithe: 2015
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Ceithre scéal mistéire atá sa tsraith Scéalta Scéine agus iad feiliúnach do léitheoirí idir 8 agus 11 bliain d’aois. Leabhair ghairid sciobtha atá iontu atá feiliúnach do dhaoine óga atá ag iarraidh barr feabhais a chur ar a scileanna léitheoireachta. Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg, iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta, a d’aistrigh go Gaeilge nádúrtha an lae inniu. Is i mBéarla a foilsíodh den chéaduair iad agus is é an scríbhneoir Andrew Fusek Peters a scríobh. Tá na leaganacha i nGaeilge foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht le tacaíocht ó COGG.

Taibhse an Dá Thaobh Cás eile do na bleachtairí óga Ben agus Sam. Tá taibhse sa mhuileann ach ní gnáth-thaibhse é seo, tá sé gearrtha ina dhá leath! Cé hé féin agus céard a tharla dó?

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir