
Lánúin óg iad Liam agus Siobhán Ó Maoilmhín, atá tagtha abhaile go hÉirinn tar éis dóibh roinnt blianta a chaitheamh ag obair i Meiriceá. Éiríonn leo beirt post maith a fháil i nGaillimh, agus ceannaíonn siad teach nua in eastát deas.
Caitheann siad saol sona go dtí go mbogann Learaí agusDeborah Ó Dúill isteach sa teach trasna an bhóthair uathu. I dtús báire réitíonn muintir Uí Mhaoilmhín agus muintir Uí Dhúill go maith lena chéile, ach le himeacht aimsire tuigeann Liam agus Siobhán nach mar a shíltear a bhítear. Agus ní fada go n-iompaíonn na comharsana nua ina n-aghaidh, rud a chuireann a suaimhneas, a bpósadh agus fiú a mbeatha i mbaol. Úrscéal d’fhoghlaimeoirí fásta atá sa leabhar seo atá scríofa i nGaeilge shimplí, le gluais san áireamh. Bhuaigh an leabhar seo an chéad áit i gComórtais an Oireachtais, Ábhar Léitheoireachta don Fhoghlaimeoir Fásta, 2007.