€7.00
Líon:
Taibhsí an Locha
Taibhsí an Locha
ISBN: 978-1-905560-41-7
Bliain foilsithe: 2009
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

Tar éis don mhilliúnaí agus an fear gnó John Grayling teacht slán ar éigean as drochthimpiste, éiríonn sé as a chuid oibre agus filleann ar a sheanteach mór faoin tuath. Ach ní fada go gcloiseann sé fuaimeanna aisteacha agus radharcanna níos aistí fós, i lár na hoíche agus i lár an lae. Cé hí ‘An Bhean Ghlas’ sa phortráid úd ar an mballa? Agus cé hé ‘An Bráthair Bán’? Agus cén teachtaireacht atá acu dó? Le cabhair óna dheirfíur Jackie agus a cara siúd Brenda, scoláirí beirt, nochtann siad rún scanrúil Theach an Locha. Sceál bleachtaireachta agus scéal taibhsí, tá sé scríofa i stíl bhreá shoiléir shimplí agus tá foclóir ag cúl an leabhair. Leabhar é seo atá dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta go príomha ach a mbainfidh déagóirí lántaitneamh as chomh maith.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir