€10.00
Líon:
Súil Saoir
Súil Saoir
ISBN: 1-902420-70-5
Bliain foilsithe: 2004
Clúdach: Bog
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht

“Ní féidir ábaltacht ná ionracas ná misneach an fhile seo a shéanadh.” – Moltóirí Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht 2004

Is é Súil Saoir an chéad chnuasach filíochta ó pheann Dhiarmuid Johnson, scríbhneoir, iriseoir, ceoltóir agus fear léinn. Baineann an t-údar leas ann as smaointe na linne seo agus as éigse na seanaimsire araon, ionas gur ceangal idir an sean agus an nua atá sa saothar. Chomh maith leis sin, ceistnítear ann an dlúthbhaint atá idir teanga na Gaeilge agus gluaiseacht an náisiúnachais le fada anuas, agus cuireann an t-údar roimhe cíoradh a dhéanamh ar cheisteanna a bhaineann le cinniúint an duine, agus leis an gcaoi a dtéann idir thír, phobal, theanga agus dúchas i bhfeidhm orainn go léir.

Tá lorg na Gaeltachta go láidir ar an gcnuasach, agus lorg na hiasachta chomh maith.

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir