€10.00
Líon:
An Trodaí agus Dánta Eile
An Trodaí agus Dánta Eile
ISBN: 1-905560-03-6
Bliain foilsithe: 2006
Clúdach: Bog

“Carachtar éachtach í an Trodaí – alter ego gach mná gur mithid di an fód a sheasamh. Níl aon oidhre eile uirthi ach na gaiscígh mhná sna scannáin Shíneacha, a ritheann go hingearach suas fallaí agus a throideann go fíochmhar ar dhíonta na dtithe agus ar bharraíocha na gcrann. Bean is ea í gur nós agus gur béas aici a bheith ar an imeall, ag siúl ar fhéar faille, ag féachaint síos i nduibheagán an aigéin mhóir. Duibheagán inmheánach atá i gceist chomh maith le ceann seachtrach.

Mar sin féin, pé samhailteacha scanrúla, sinseartha agus muinteartha a chíonn sí sa duibheagán céanna, ní scanraíonn sí. Bhí leithéid seo an Trodaí de dhíth orainn le fada i saol na Gaeilge. Gura fada buan céad chnuasach filíochta Dairena Ní Chinnéide, ar a son féin agus ar son scríbhneoirí ban uile na Gaeilge.” – Nuala Ní Dhomhnaill

Earra(í) eile a thaitneodh leat, b'fhéidir